Na Laetha Idirfhéilteacha (#13840)

*Is ceart go mbeadh na Laetha Idirfhéilteacha (laetha idir an dara mí dheiridh agus mí dheiridh na bliana Bahá’í nach n-áirítear ina gcuid de mhí ar leith) ina laetha ullmhúcháin le haghaidh an trosctha, ina laetha i gcóir aíochta, déirc a thabhairt agus bronntaí a dhéanamh.
ADhia ar tú is Tine agus Solas dom! tá na laetha úd a d’ainmnigh tú mar Ayyám-i-Há [Laetha Há] i do leabhar ina dtosach, a Rí na nAinmneacha, agus tá an troscadh ag druidim linn ar fhág do pheann róardaithe de cheangal orthu siúd atá i ríocht do chruthaitheachta a chur i gcrích. Agraím tú, a Thiarna, dar na laetha seo agus dar gach éinneach den dream úd a chloígh i gcaitheamh an ama sin le téad do chuid aitheanta agus a rug greim ar chrann do chuid orduithe, agus a dheonú do gach anam go ndáilfear áit air laistigh de thearmann do chúirte agus suíochán i láthair niamhracht sholas do ghnúise. 
Seo duit, a Thiarna, do chuid seirbhíseach nár choinnigh mian neamhghlan ar bith siar iad ón méid atá curtha anuas agat i do Leabhar. Tá siad i ndiaidh umhlú os comhair do Chúise, ghlac siad chucu do Leabhar le rúndaingne a fuarthas uaitse, chloígh siad lena raibh aitheanta agatsa díobh agus bhí sé mar rún acu gach a raibh curtha anuas agat féin a leanúint.
Feiceann tú, a Thiarna, mar a d’aithin siad agus mar a d’admhaigh cibé ní atá taispeánta agat i do chuid Scríbhinní. Tabhair le hól dóibh, a Thiarna, de lámha do ghrámhaireachta uisce na síoraíochta. Cuir i scríbhinn dóibh, mar sin, an cúiteamh atá ordaithe agat don té a rinne é féin a thumadh in aigéan do láithreach agus a bhlais mar rogha an fhíona bualadh leat.
Achainím ort, a Rí na ríthe a bhfuil trua agat don dream atá faoi leatrom, maitheas an tsaoil seo agus an tsaoil atá le teacht a ordú dóibh. Cuir i scríbhinn dóibh, lena chois sin, an méid nár bhain amach duine ar bith de do chuid créatúr agus déan iad a áireamh leo siúd a chuaigh timpeall ort agus a ghluaiseann thart ar do ríchathaoir in gach saol de do shaolta. Is tusa, le fírinne, an tUile-Chumhachtach, an tUileFheasach, an tUile-Eolasach.

-Bahá'u'lláh
-----------------------

